Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 5:11-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Achd diúltuigh na bainteabhachá óga: óir ar mbeith dhoíbh macnasach a naghuigh Chríosd, is mían ríu pósadh;

12. Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh.

13. Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.

14. Uime sin as toil leam na mná óga fir do phósadh, clan do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tíghe, agus gan cionfátha ar bith do thabhairt do náidhbherseóir ré labhairt go holc.

15. Oír do fhilleadar dream áirighe cheana ar a nais a ndiáigh Shatáin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 5