Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 5:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na himdhearg seanóir, achd teaguisg é mar athair; agus na hogánuigh mar dhearbhráithre;

2. Na mná áosda mar mháithre, agus na mná óga mar dheirbhsheathracha, maille ris a nuile fhíorghloine.

3. Tabhair onóir do bhainteabhachuibh noch atá na mbaintreabhacha dhá ríribh.

4. Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann no clan chloinne, déunuidís fóghluim ar tús ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtíghthibh féin, agus ar mhálairt do thábhairt dá dtuismightheóiribh: óir ís ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.

5. Agus an bhean atá na baintreabhuigh dhá ríribh, agus ar na fagbháil na háonar, cuíridh sí a muinighin a Ndía, agus comhnuidhe sí do ló agus doidhche a nguidhe agus núrnuighibh.

6. Achd an bhaintreabhach do bheir í féin do mhacnus air mbeith dhí beó atá sí marbh.

7. Uime sin áithin na neithese dhíobh, ionnus go mbeidís neamhlochdach.

8. Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.

9. Toghthar baintreabhach nach bí ní sa lugha ná trí fichid blaidhan dáois, do bhí na mnáoi éinfhir.

10. Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.

11. Achd diúltuigh na bainteabhachá óga: óir ar mbeith dhoíbh macnasach a naghuigh Chríosd, is mían ríu pósadh;

12. Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 5