Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil IV

Tairrgir attáobh fhúarchreideamh, agus chrabhudh choimhigheach na naimsire deighionnach.

1. Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;

2. Tre chlúainecreachd luchd labhartha na breéige; mar mbeith dá ccoinnsíasuibh ar na losgadh ré híarann dearg;

3. Noch thoirmisgeas pósadh, an bíadh do sheachna, noch do chrúthuigh Día chum a chaithmhe maille re haltughadh don druing chreideas agus agá bhfuil fios na fírinne.

4. Oír as maith gach ní do chrúthuigh Día, agus ní cóir éinní deiteach, achd go ngabhthar é máille ré breith bhuidheachuis:

5. Oír do níthear náomhtha é tré bhréithir Dé agus tré urnuighe.

6. Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill do na dearbhráithribh, biádh tú ad mhinisdir mhaith Diósa Críosd, ar mbeith dhuit oilte a mbríathruibh an chreidimh agus an teagusg mhaith, dár lean tú.

7. Gidheadh seachain sgéula fábhuil neamhdhíagha caillchúla, agus cleachd thú féin chum díaghachda.

8. Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tarbhach an díaghachd chum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.

9. As rádh fírinneach so agus atá sé iongabhála ris ar gach éunchor.

10. Oír as uime do nimíd sáothar agus imdheargthar sinn, do bhrígh go bhfuil ar muinighin a Ndía bhí, agár ab é as fear sáortha do na huile dháoinibh, go mórmhór do druing chreideas.

11. Fógair agus teaguisg na neithese.

12. Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.

13. Go teachd damhsa tabhair, haire do léighthóireachd, do theagusg, agus dfoircheadal.

14. Ná léig faillidhe sa dtiodhlacadh atá ionnad, noch tugadh dhuit tré fáidheadóireachd maille ré leagadh lámh na sinnsear.

15. Smuáin ar na neithibhse; cómhnuigh ionnta; ionnus go mbíadh do theachd ar haghuidh follas do na huile dháoinibh.

16. Tabhair aire dhuit féin, agus do theagusg; comhnuigh ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuidh tu thú féin, agus an drong éisdeas riot.