Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 3:3-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Gan bheith rofhonnmhar a bhfíon, gan bheith buáilteach, gan dúil do bheith aige a neudáil neamhghloin; achd bheith ceannsaigh, neamhcheannairceach, neamshanntach;

4. Agus na dhuine ríaghluigheas a thigh féin go maith, agá mbí a chlánn fá úmhlachd maille ris an uile thrómghachd;

5. (Oír munab eól do neach a thigh féin do riaghlughadh, cionnas bhías cúram eagluise Dé air?

6. Gan bheith dhó na noibhíseach, deagla ar mbeith dhó líonta dúabhar go duitfeadh sé a ndannughadh an díabhail.

7. As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá a muith; deagla go bhfuigheadh se sgannuil agus go dtuitfeadh sé a ndul an díabhal.

8. Mar an gcéudma as cóir do na deaochánuibh bheith trómdha, gan a dteanguidh liom-leachd, gan bheitho fhonnmhar a bhfíon, ná dúil do bheith aca a néudáil neamhghloin;

9. Ag congmháil sheicréide an chreidimh a gcoinnsías ghlan.

10. Agus déuntar íad so do dhearbhadh mar an gcéudna ar tús; ná dhíaigh sin déunuid miniosdrálachd, má gheibhthear neamhlochdach íad.

11. A mná már an gcéudna trómgha, neamhthatháoireach, súaimhneach, ionruic sna huile neithibh.

12. Bíodh na deocháin na bhfearuibh áon mhná, ag ríaghlughadh a gcloinne agus a dtightheadh féin go cúbhaidh.

13. Oir an dream do ní miniosdrálachd go maith gnodhnighid síad céim maith dhóibh féin, agus dánach mhór trés an gcreideamh atá a Niósa Críosd.

14. Sgriobhuim na neithese chugad, ar mbeith dhamh muinighneach re theachd go haithghearr a ttionnsuighe.

15. Achd ma ním muill ré theachd, chum a fheasa do bheith agad cionnas as cóir dhuit thú féin diomchar a dtigh Dé, eadhon eagluis Dé bhí, posda agus daingean na fírinne.

16. Agus gan amharus as mór seicréod na díaghachda: Do rinneadh Día follas sa ccoluinn, do foillsigheadh é na fhiréun sam Sbioruid: do chonncas é ré hainglibh, do rinneadh a shéanmóir do na Cineadhachuibh, do chreideadh dhó sa tsáoghal, agus do gabhadh súas chum glóire é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 3