14. Sgriobhuim na neithese chugad, ar mbeith dhamh muinighneach re theachd go haithghearr a ttionnsuighe.
15. Achd ma ním muill ré theachd, chum a fheasa do bheith agad cionnas as cóir dhuit thú féin diomchar a dtigh Dé, eadhon eagluis Dé bhí, posda agus daingean na fírinne.
16. Agus gan amharus as mór seicréod na díaghachda: Do rinneadh Día follas sa ccoluinn, do foillsigheadh é na fhiréun sam Sbioruid: do chonncas é ré hainglibh, do rinneadh a shéanmóir do na Cineadhachuibh, do chreideadh dhó sa tsáoghal, agus do gabhadh súas chum glóire é.