1. As rádh fírinneach so, Má atá fonn ar áoinneach oifig easbuig do ghlacadh, íarruidh sé obair mhaith.
2. Uime sin as coir deasbóg a bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na dhuine fhaireach, mheassarrdha, mhacánta dáonnachdach, réidh chum teaguisg;
3. Gan bheith rofhonnmhar a bhfíon, gan bheith buáilteach, gan dúil do bheith aige a neudáil neamhghloin; achd bheith ceannsaigh, neamhcheannairceach, neamshanntach;
4. Agus na dhuine ríaghluigheas a thigh féin go maith, agá mbí a chlánn fá úmhlachd maille ris an uile thrómghachd;
5. (Oír munab eól do neach a thigh féin do riaghlughadh, cionnas bhías cúram eagluise Dé air?
6. Gan bheith dhó na noibhíseach, deagla ar mbeith dhó líonta dúabhar go duitfeadh sé a ndannughadh an díabhail.
7. As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá a muith; deagla go bhfuigheadh se sgannuil agus go dtuitfeadh sé a ndul an díabhal.
8. Mar an gcéudma as cóir do na deaochánuibh bheith trómdha, gan a dteanguidh liom-leachd, gan bheitho fhonnmhar a bhfíon, ná dúil do bheith aca a néudáil neamhghloin;
9. Ag congmháil sheicréide an chreidimh a gcoinnsías ghlan.
10. Agus déuntar íad so do dhearbhadh mar an gcéudna ar tús; ná dhíaigh sin déunuid miniosdrálachd, má gheibhthear neamhlochdach íad.