2. As air so aithnigheamáoid go bhfuil grádh aguinn do chloinn De, an tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.
3. Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
4. Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.
5. Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?
6. A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.
7. Oír atá tríur ar neamh do ní fíadhnuise, an Tathair, an Bríathar, agus an Sbiorad Náomh: agus atáid an tríursa na náon.
8. Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní.
9. Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.
10. An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.
11. Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
12. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
13. Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.