Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eóin 5:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.

2. As air so aithnigheamáoid go bhfuil grádh aguinn do chloinn De, an tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.

3. Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.

4. Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.

5. Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?

6. A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.

7. Oír atá tríur ar neamh do ní fíadhnuise, an Tathair, an Bríathar, agus an Sbiorad Náomh: agus atáid an tríursa na náon.

8. Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní.

9. Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.

10. An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eóin 5