Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eóin 4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil IV

An teagasg admhuigheas Críosd na Mhac Dé, na Shlánuightheóir dháoine, agus na fhear múinte na firinne, gur ó Dhía atá.

1. A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.

2. Is as so is aitheanta dhíbh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.

3. Achd gach Sbíoruid nach admhuigheann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Dhía atá sé: achd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalabhair iomrádh go dtiucfadh sé; agus atá sé a nois cheana sa domhan.

4. A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.

5. As don tsáoghal íadsan: uime sin labhruid neithe sáoghalta, agus do bheir an sáoghal éisdeachd dóibh.

6. As ó Dhía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdigh sé rinn; an tí nach bhfuil ó Dhía ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseachráin.

7. A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.

8. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.

9. An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.

10. As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.

11. A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruibbe mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.

12. Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.

13. Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcómhnuighe annsan, agus eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhuinn tiodhluice na Sbioruide.

14. Agus do chonncamar agus do níomuid dfíadhnuise gur chuir an Tathair an Mac úadh, na Shlánaightheóir an domhuin.

15. Gidh bé aídmheóchas gur ab é Iósa Mac Dé, atá Día na chomhnuighe ann, agus eision a Ndía.

16. Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.

17. As tríd so atá an grádh ar na choimhlíonadh ionnuinne, ionnus go mbíadh dánachd aguinn a ló an bhreitheamhnuis, do bhrígh gur do réir mar atá seision, atámuidne fós sa tsáoghalsa.

18. Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.

19. Bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur ghrádhuigh sé sinn ar tús.

20. Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?

21. Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.