Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eóin 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Gurab suáibhneas chíuinn Dé, gradh, agus gníomh ghlan.

1. Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.

2. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.

3. Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.

4. Gidh bé neach do ní peacadh sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: óir a sé as peacadh ann sárughadh an reachda.

5. Agus atá a fhios aguibh gur ab uime do foillsigheadh eision chum ar bpeacuighne do chur ar gcúl; agus ní bhfuil peacadh ar bith annsan.

6. Gidh bé neach chómhnuigheas annsan, ní pheacuigheann sé: gidh bé neach do ní peacadh ní fhacuidh sé eision, agus ní raibh aithne aige air.

7. A chlann bheag, ná mealladh éinneach sibh: an tí leanas do nfíréuntachd as firéun é, do réir mar atá seision ná fhiréun.

8. An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.

9. Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.

10. Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.

11. Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.

12. Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta.

13. A dhearbhráithre, na bíodh íongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh.

14. Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás.

15. Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.

16. Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.

17. Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann?

18. A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.

19. Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnighthe na fhíadhnuisesion.

20. Oír dá ndáoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus atá fios na nuíle neitheann aige.

21. A cháirde, muna ndáoruigh ar gcroidhe sinn, as éidir linn bheith dána ar Dhía.

22. Agus gach ní shirmid, do gheibhmíd úadh é, do bhrígh go gcoimhéudamaóid a aitheanta, agus go ndéunamaóid na neithe ar a bhfuile gean aige.

23. Agus a sí so a áithne, Go ccreidfeadh sinne a nainm a Mhic Iósa Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, réir na háithne tug seision dúinn.

24. Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn.