23. Gidh bé shéunas an Mac, ní bhfuil an Tathair aige: gidh bé admhuigheas an Mac atá an Tathair aige mar an gcéudna.
24. Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.
25. Agus a sé so an gealladh do gheall sé dhúinn, eadhon an bheatha mharthannach.
26. Do sgríobh me na neithese chuguibh a dtimchioll na druinge bhíos da bhur mealladh.
27. Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.
28. Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan; ionnas, an tan fhoillseóchar é, go mbiádh dánachd aguinn, agus nach mbiáidh náire oruinn na fhiadhnuise an tan thiucfas sé.