Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eóin 2:22-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Cía atá na bhréugaire achd an tí shéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? A sé so an tainticríosd, noch shéunus an Tathair agus an Mac.

23. Gidh bé shéunas an Mac, ní bhfuil an Tathair aige: gidh bé admhuigheas an Mac atá an Tathair aige mar an gcéudna.

24. Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.

25. Agus a sé so an gealladh do gheall sé dhúinn, eadhon an bheatha mharthannach.

26. Do sgríobh me na neithese chuguibh a dtimchioll na druinge bhíos da bhur mealladh.

27. Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.

28. Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan; ionnas, an tan fhoillseóchar é, go mbiádh dánachd aguinn, agus nach mbiáidh náire oruinn na fhiadhnuise an tan thiucfas sé.

29. Más feasach sibh eision do bheith fíréunta, bíodh fios aguibh gur úadhasan gheintear gach áon leanas don fhiréuntachd.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eóin 2