Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eóin 1:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An ní do bhí ann ó thús, an ní do chúalamar, an ní do chonncamar ré ar súilibh féin, an ní air ar fhéuchamar, agus do ghlacadar ar lámha, a dtáobh Bhréithre na beatha;

2. (Oír do foillsigheadh an bheatha, agus do chonncamairne, agus do nimid dfíadhnuise, agus foillsighemid díbhse an bheatha mharthannach úd, noch do bhí ag a Nathair, agus atá ar na foillsughadh dhúinne;)

3. A ní do chonncamar agus do chúalamar atámáoid dhá fhoillsiughadh dhibhse, ionnus go mbíadh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Nathair, agus ré na Mhac Iósa Críosd.

4. Agus sgríobhamáoid na neithese chuguibh, chum bhur ngáirdeachais do bheith iomlán.

5. Agus a sí so an teachdaireachd do chúalamar úadhsan, agus fhoillsigheamáoid dhíbhse, eadhon gur solas é Día, agus nach bhfuil dorchadus ar bith ann.

6. Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.

7. Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

8. Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn.

9. Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.

10. Dá nabram nach dearnamar peacadh, bréugnuidhmíd eisean, agus ní bhfuil a bhríathar ionnuinn.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eóin 1