Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 9:6-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Nó an bhfuilimse amháin agus Barnabas, gan chúmhachd aguinn bheith sáor ó obair?

7. Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?

8. An mar dhuine labhrum na neitheso? a né nach abair an reachd na neithesi mar an gcéudna?

9. Oír atá sgriobhtha a reachd Mháoisi, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhriseas an tarbhar. An bhfuil cúram damh ar Dhía?

10. Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a déir sé so? Go deimhin, as air ar soinne, atá sé sgríobhtha: oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire treabhadh do dhéanamh; agus don bhuáilteóir búaladh a muinighin go bhfuigheadh sé tairbhe a dhóthchais.

11. Má shiólchuir sinne neithe sbiorádalta dháoibhse, an mór libhsi sinne do bhuáin bhur neitheann sáoghaltasa?

12. Má gheibhid dáoine eile toradh an chúmhachdasa uáibh, créud fá nách bhfuighemisne é ní sa mhó? Gidheadh níor chuireamar na cúmhachdasa a ngnás; achd iomchramáoid na huile neithe, ionnus nach dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bith do chur ar shoisgéul Chríosd.

13. A né nách bhfuil a fhios aguibh an dream shaothruigheas a dtimcheall na neitheann náomhtha go níthid síad do neithibh an teampoill? agus an dream bhíos do ghnáth ag fritheóladh na haltóra go bhfaghaid cuid ranna don naltóir?

14. As mar an gcéudna do órdaigh an Tighearna don druing fhoillsigheas an soisgéul a mbeatha dfagháil ón tsoisgéul.

15. Gidheadh níor chuir misi éinní dhíobh so a gnás: agus fós ní huime do sgríobh mé na neithesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: oír do bhfear leam bás dfagháil, ná go ccuirfeadh éainneach mo mháoithfeachus a neimhbhrígh.

16. Oír bíodh go ndeanuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní bhfuil adhbhar máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; agus, as trúagh dhamh, muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh!

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 9