Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 9:17-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Oír más ó thoil do ním so, atá luáidheachd agam: más a nadhaigh mo thoile, atá fós a chúram ar na léigean táóbh ríom.

18. Uime sin créd í mo lúaidheachd? Go fírinneach, soisgéul Chríosd do thabhairt uáim, a naisgidh an tan sheanmóruim é, do chum gan na cúmhachda atá agam sa tsoisgél dísliughadh.

19. Oír bíodh go bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, do rinne mé searbhfhoghantuidhe dhíom féin do na huile dháoinibh, chum ní sa mhó do gnodhughadh dhamh.

20. Agus do bhí mé mar Iúduighe do na Iúduighibh, chum na Niúduigheadh do ghnodhughadh; don druing atá fáoi an reachd, amhuil mar bheinn fáoi an reachd, chum na druinge atá fáoi an reachd do ghnódhughadh dhamh;

21. Don druing atá gan reachd, mar do bhéinn gan reachd, (bíodh nach bhfuilim gan reachd do tháobh Dé, achd úmhal do reachd Chríosd,) chum na druinge gan reachd do ghnodhughadh dhamh.

22. Do bhí mé do na dáoinibh anbhfann mar dhuine anbhfann, amhuil mar do bheinn meirbh chum na ndáoine anbhfann do ghnodhughadh dhamh: Do bhí mé sa nuile chrúth do na huile dháoinibh, chum go sáorfuinn cuid éigin ar gach uile chor.

23. Agus as ar son an tsoisgéil do ním so, ionnus go mbíadh cuid agum dhe máráon ríbhse.

24. A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhridh ré chéile go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? Go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh.

25. Agus gach áon chleachdus sbáirn is measardha é sna huile neithibh. Agus is uime do níd síadsan sin chum coróine truáillighe dfagháil; achd inne chum coróine neamhthruáillighe.

26. Uime sin as amhluidh riothaimsi, ní mar fá thuáirim; as amhluidh do ním sbáirn, ní mar neach bhuáileas an taiéur:

27. Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 9