Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 9:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A ne nách easbal misi? a né nach bhfuilim sáor? a né nach bhfacaidh mé Iósa Críosd ar Dtighearna? a né nach sibhse mobair sa Tighearna?

2. Bíodh nach easbal mé do dháoinibh eile, go dearbhtha a seadh dháoibhse: oír as sibhse séula mabsdaltachda sa Tighearna.

3. A sí so mo fhreagra don druing chuirfeas ceisd oram,

4. A né nach bhfuil cúmhachd íthe agus íbhthe aguinne?

5. A né nach bhfuil cúmhachd aguinn bean, ná deirbhshiúr, do bhreith linn fá gcuáirt, amháil do níd an chuid eile do na habsdalaibh, agus bráithreacha an Tighearna, agus Céphas?

6. Nó an bhfuilimse amháin agus Barnabas, gan chúmhachd aguinn bheith sáor ó obair?

7. Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?

8. An mar dhuine labhrum na neitheso? a né nach abair an reachd na neithesi mar an gcéudna?

9. Oír atá sgriobhtha a reachd Mháoisi, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhriseas an tarbhar. An bhfuil cúram damh ar Dhía?

10. Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a déir sé so? Go deimhin, as air ar soinne, atá sé sgríobhtha: oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire treabhadh do dhéanamh; agus don bhuáilteóir búaladh a muinighin go bhfuigheadh sé tairbhe a dhóthchais.

11. Má shiólchuir sinne neithe sbiorádalta dháoibhse, an mór libhsi sinne do bhuáin bhur neitheann sáoghaltasa?

12. Má gheibhid dáoine eile toradh an chúmhachdasa uáibh, créud fá nách bhfuighemisne é ní sa mhó? Gidheadh níor chuireamar na cúmhachdasa a ngnás; achd iomchramáoid na huile neithe, ionnus nach dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bith do chur ar shoisgéul Chríosd.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 9