Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 8:3-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Achd dá dtuguidh éinneach grádh do Dhía, as eólghach dhó é.

4. Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.

5. Oír bíodh go bhfuilid neithe ann dá ngoirthear dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad dée, agus iomad tighearnadh.)

6. Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.

7. Gidheadh ní bhfuil an teólus sin ag gach éunduine: óir atá dream áirighe agá bhfuil fios na hiodhaile gus a nois itheas é mar ní iodhbarthar díodhaluibh; agus ar mbeith dá ccoinnsiás éugcruáidh salaighthear é.

8. Achd ní moltar sinn ar son bidh a bhfíadhnuise Dé: óir dá nítheann, ní saidhbhride sinn é; agus muna nitheann, ní dáibhride sinn é.

9. Gidheadh tugaidh bhur naire ribh nach mbiáidh an cúmhachdasa atá aguibh a gcail ar bith na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 8