Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 8:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tuilleadh eíle a dtáobh na neitheann iodhbarthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn go bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntínn dhuine, achd do ní an grádh follamnughadh.

2. Achd más dóigh ré héunduine, fios éinneithe do bheith aige ní feas dó fós éinní do réir mar budh chóir fios do bheith aige.

3. Achd dá dtuguidh éinneach grádh do Dhía, as eólghach dhó é.

4. Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.

5. Oír bíodh go bhfuilid neithe ann dá ngoirthear dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad dée, agus iomad tighearnadh.)

6. Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.

7. Gidheadh ní bhfuil an teólus sin ag gach éunduine: óir atá dream áirighe agá bhfuil fios na hiodhaile gus a nois itheas é mar ní iodhbarthar díodhaluibh; agus ar mbeith dá ccoinnsiás éugcruáidh salaighthear é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 8