Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 7:31-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus an dream chaitheas an sáoghalsa, mar dhruing nach ccaitheann é: óir imthigh sgéimh an tsáoghailse thart.

32. Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh:

33. Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh.

34. Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.

35. Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid.

36. Achd dá sáoilidh éinneach nach iomchubhaidh dhá mhaighdin bláth a haimsire do léigean tháirrsi, agus gur cóir a dhéanamh mar sin, déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pósdar íad.

37. Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachdanus, agus fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe a mhaighdean do choimhéud, is maith do ní sé é.

38. Uime sin is maith do ní an té do bheir dfior í; achd is fearr do ní an té nách tabhair dfior í.

39. Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.

40. Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 7