Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 7:3-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna.

4. Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.

5. Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.

6. Achd is mar chomhairle a deirim so ribh, agus ní mar áithne.

7. Oír do bfearr leam go mbíadh na huile dháoine mar mé féin. Gidheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach mar so, agus ag neach eile mar súd.

8. Uime sin a deirim ris an druing nach bhfuil pósda, agus ris na baintreabhachaibh, Gur maith dhóibh má fhanuid síad mar fhanuimse.

9. Gidheadh muna féidir ríu íad féin do chongmháil geanmnuidh, pósadh síad: óir as fearr pósadh ná bheith ar lasadh.

10. Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.

11. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.

12. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.

13. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 7