Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 6:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. A né nach bhfuil a fhios aguibh gur boill do Chríosd bhur gcuirp? uime sin an dtoigeubhaidh misi boill Chríosd, chum ball sdríopaidhe do dhéunamh dhíobh? nár léige Día sin.

16. A né, nach bhfuil a fhios aguibh an tí atá ceangailte do sdríopaidh gur éunchorp ría é? óir bíaidh, ar sé, días na naóinfheóil.

17. Gidheadh an tí atá ceangailte don Tighearna is áoinspiorad ris é.

18. Seachnuidh sdríopachas. Atá gach peacadh dá ndéanann duine leith amuigh don chorp; achd an tí do ní sdríopachas do ní sé peacadh a naghaidh a choirp féin.

19. A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh?

20. Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 6