Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 6:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An lámhann éinneach aguibh, agá bhfuil cúis a naghaidh dhuile eile gan dul fáoi bhreitheamhnus na náomh, achd na ndáoine míochothrom?

2. A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha?

3. Nach fios díbh go mbéaramne breitheamhnus ar na hainglibh? Créud fá nach mó ná sin ar na neithibh bheanus ris an mbeathaidh si?

4. Uime sin ó tá sibh a nionadh breitheamhnuis do dhéunamh ar na neithibh bheanus ris an mbeathaidh so, cuiridh na suidhe chum bhreitheamhnuis an dream atá fa tharcuisne sa neagluis.

5. As do chur adhnáire oraibh do labhruim. An mar sin, nach bhfuil go fíu éunduine amháin eagnuidhe eadruibh? dá dtiocfadh breitheamhnus do dhéunamh eidir a dhearbhráithre?

6. Achd téid dearbhráthair chum dlighe ré dearbhráthair eile, agus sin fós a lathair dháoine gan chreideamh.

7. Uime sin a nois atá lochd go cinnte ionnuibh, tré dhul díbh chum dlighe eadruibh féin. Créd fá nach bhfuilngthí éugcóirní as táosga? créd fa nach bhfuilngthí bhur mealladh ní as luáighthe?

8. Gidheadh fós, do ní sibh féin éugcóir, agus díoghbháil, agus sin ar bhur ndearbhráithribh.

9. A né nach bhfuil a fhios aguibh nach bhfaghuid luchd déanta na heugcóra sealbh rioghachda Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfuighidh sdríopthacha, na luchd iodhaladhruidh, na luchd adhaltrannais, ná dáoine macnusacha, ná dáoine míonadúrtha,

10. Ná gaduighthe, ná dáoine sanntacha, na luchd meisge, na luchd imdheargtha, náid sracaireadha, oidhréachd rioghachda Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 6