Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 4:5-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.

6. Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.

7. Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar nach glacta é?

8. Atá sibh a nois sáitheach, atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidhbhir, do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnus go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.

9. Oír méasuím gur chuir Día inne na habsdail dheireannacha amach, mar dhruing atá ar na dteilgean chum báis: óir do rinneadh sgáthán dhinn don tsaóghal, agus dainglibh, agus do dháoinibh.

10. As amadáin sinne ar son Chríosd, achd atá sibhse glic a Gcríosd, atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir, atá sibhse ag fagháil onóra, agus sinne ag fagháil easonórá.

11. Gus a namsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnochdaigh, agus gabhthar do dhornaibh orainn, agus ní bhfuil ionad comhnuidhe ar bith áirighe aguinn;

12. Agus atámáoid ag fágháil sháothair, ag déunmah oibre ría ar lámhuibh féin: an tan mhallaighthear sinn, do bheirmíd ar mbeannachd úainn; an tan ghérléantar sinn, do bheirmid fulang uáinn:

13. An tan mhaslaighthear sinn, níomáoid úrnaighe: atamáoid air ar ndéunamh mar shalchar an domhain, mar sgim na nuile neitheann gus a niugh.

14. Ní chum sibhse do náiriughadh sgríobhuim na neithesi, achd mar mo chloinn ionmhuin theagusgim sibh.

15. Oir biodh go bhfuil deich mile do luchd teaguisg agaibh a Gcríosd, ní híomdha fós bhur naithre: oír is misi do ghin sibh a Níosa Críosd trés an tsoisgéul.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 4