Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 3:11-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Oír ní héidir ré háoinneach fonndameint ar bith eile do chur, táobh amuigh don fhonndameint atá ar na chur cheana, eadhon Iósa Críosd.

12. Agus dá dtógbhuidh áoinneach ar an bhfonndameintsi ór, airgead, clocha uáisle, adhmad, féur, no connlach;

13. Do dhéuntar obair gach áonduine follus: óir foillseochaidh an lá é, do bhrígh go madh léir é ris an dteine; agus foillseócháidh an teine cionnus bhías obair gach éunduine.

14. Da nanaidh obair áonduine noch do thóg sé ar an bhfonndameint, do ghéubhaidh se túarasdal.

15. Má loisgear obair éunduine, rachaidh a sháothar amúgha: gidheadh sáorfuighthear é féin; achd sin fós amhúil tré theine.

16. A né nach bhfuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go gcómhnuigheann Shiorad Dé ionnaibh?

17. Má thruáilligheann einneach teampoll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náomhtha, noch as sibhse.

18. Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic.

19. Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsáoghalsa. Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin.

20. Agus a rís, Atá a fhios ag an Dtighearna, gur díomháoineach smuáintighe na ndáoineadh glioc.

21. Uime sin na déunadh áoinneach máoithfeachas ar dháoinibh. Oír is libhse na huile neithe;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 3