Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 16:13-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.

14. Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.

15. Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, (ós aithnidh dhíbh muinntir thighe Steapháin, gurab íad céadthoradh na Hachaía, agus go dtugadar íad féin do dhéanamh miniosdralachd do na náomhuibh.)

16. Bídhidhse fós úmhal da leithid sin, agus dá gach áon do ní obair, agus sáothar maill rinn.

17. Agus atá lúathgháire oram tré theachd Steapháin agus Fhortunátuis, agus Achaicuis: do bhrígh go ndearnadar bhur nionadsa dhamh.

18. Oír tugadar furtachd dom sbioruidse agus do bhur sbioruidsi: uime sin biodh meas aguibh ar a samhuil sin.

19. Cuirid eagluisidhe na Hásia beatha agus sláinte chugaibh. Cuirid Acuila agus Priscilla maille ris a neagluis atá ann a dtigh, beatha agus sláinte go dúthrachtach sa Dtighearna chugaibh.

20. Cuirid na dearbhraithre uile beatha agus sláinte chugaibh. Teannuidh féin ré cheile maille ré póig náomhtha.

21. Beatha agus sláinte uáimse Pól ré mo láimh féín chugaibh.

22. Gidh bé nach gradhuigheann an Tighearna Iósa Críosd, bíodh sé malluighthe óir atá an Tighearna air na theacht.

23. Grása ar Tighearna Iósa Criósd maille ribh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 16