Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 16:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tuilleadh eile a dtáobh an chruinnighe fá chomhair na náomh, do réír mar do órduigh mé deagluisibh na Galátia, déunaidhsi fós mar an gcéudna.

2. Gan éun chéud lá don tseachdmhuin cuireadh gach áon aguibh air leith leis féin, do réir mar do chuir Día sonas air, ionnus nach mbiáidh tionól ré dhéunamh ar dteachd damhsa.

3. Agus ar dteachd damh, gidh bé ar bith dream mholfas sibhse ré bhur litreachuibh, cuirfidh mé íad do bhreith bhur ccarthannachd go Hiarusalém.

4. Agus más iomchubhaidh fós mé féin imtheachd, rachuid síadsan am chuideachda.

5. Agus géubhuidh mé chugaibhsi, tar éis mé dul tre Mhácedónia: (oír géubhuidh mé tré Mhacedónia.)

6. Agus dob éidir go bhfanfuinn, nó fós, go ccaithfinn an geimhreadh bhur bhfochairsi, ionnus go rachadh sibh tamall do shlighe leam gidh bé áit a rachaidh mé.

7. Oír ní mían ríom dul bhur bhféachain a nois don dúlsa; gidheadh atá súil agum fuireach bhur bfochair feadh tamuill, do chead an Tighearna.

8. Agus do dhéuna mé cómhnuidhe a Nephesus go Cingcís.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 16