5. Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
6. Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;
7. Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
8. Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: bíodh go rachaidh fáidheadóireachd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangtha; agus go gcuirfighthear an téólas ar gcúl.
9. Oír ní bhfuil a nois aguinn achd gné éoluis, agus gné faidheadóireachda.
10. Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbhuidheach ar gcúl.