Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 99:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Atá an TIGHEARNA a ríoghachd; bíodh criothnughadh air na poibleacha: suighe sé idir na cherubínibh; corruigheadh an talamh.

2. Atá an TIGHEARNA mór a Sion; agus is árd esion ós cionn na nuile phobal.

3. Molaidís hainm mór úathbhásach; oír is náomhtha é.

4. Agus is ionmhuin ré neart an rígh breitheamhnus; daingnidh tú ceart, do ní tu breitheamhnus agus ceart ann Iácob.

5. Arduighidh an TIGHEARNA ar Ndía, agus déanaidh umhla ag stól a chos; óir is náomhtha é.

6. Maóise agus Aaron a measg a shagart, agus Samuel a measg na druinge ghoirios air a ainm; do ghoireadar air an TTIGHEARNA, agus do chúala sé íad.

7. A bpiléur neóill do labhair sé ríu: do chongmhadar a fhiaghnuiseadha, agus na reachda thug se dhóibh,

8. O a THIGHEARNA ar Ndíane do chúala tú íad: ad Dhia mhaithfeach do bhí tú dhóibhsion, acht cheana ag déanamh dioghaltais air a naindlighthibh.

9. Arduighidh an TIGHEARNA ar Ndíane, agus déanuidh umhla chum a chnuic naomhtha; óir is naomhtha an TIGHEARNA ar Ndíane.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 99