1. Atá an TIGHEARNA a ríoghachd; bíodh criothnughadh air na poibleacha: suighe sé idir na cherubínibh; corruigheadh an talamh.
2. Atá an TIGHEARNA mór a Sion; agus is árd esion ós cionn na nuile phobal.
3. Molaidís hainm mór úathbhásach; oír is náomhtha é.
4. Agus is ionmhuin ré neart an rígh breitheamhnus; daingnidh tú ceart, do ní tu breitheamhnus agus ceart ann Iácob.
5. Arduighidh an TIGHEARNA ar Ndía, agus déanaidh umhla ag stól a chos; óir is náomhtha é.
6. Maóise agus Aaron a measg a shagart, agus Samuel a measg na druinge ghoirios air a ainm; do ghoireadar air an TTIGHEARNA, agus do chúala sé íad.
7. A bpiléur neóill do labhair sé ríu: do chongmhadar a fhiaghnuiseadha, agus na reachda thug se dhóibh,
8. O a THIGHEARNA ar Ndíane do chúala tú íad: ad Dhia mhaithfeach do bhí tú dhóibhsion, acht cheana ag déanamh dioghaltais air a naindlighthibh.