Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 98:2-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Do chuir an TIGHEARNA a shlánughadh a numhail: a radharc an ccineadhach dfoillsigh sé a fhíréuntachd.

3. Do chuimhnigh sé a thrócaire agus a fhírinne do thigh Israel: do choncadar teoranna na talmhan uile slánughadh ar Ndéne.

4. Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalaimh uile: deán fuáim thaighiúir, deán gáirdeachus, agus cán salm.

5. Canuigh chum an TIGHEARNA ris an ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus re guth salm.

6. Re trumpadhuibh agus re guth an chornet déanaidh fuaim lúathgháireach ós choinne an TIGHEARNA, an Rígh.

7. Déanadh an mhuir mongair, agus a hiomláine; an sáoghal agus an dream chomhnuighios ann.

8. Buáilidís na haibhne a mbasa fa chéile: déaindís na sléibhte lúathgháire

9. Os coinne an TIGHEARNA; óir atá sé ag teachd do bhreithe air an ttalamh: do dhéana sé breitheamhnus air an ttalamh ré fíréuntachd, agus air na poibleachaibh ré ceart.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 98