Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 97:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A tá an TIGHEARNA a ríoghacht; bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh a niomad oiléun gáirdeachus.

2. Atá néulla agus dorchadus fa ccuáirt na thimchioll: fíréuntachd agus breitheamhnus is áit a chathaóir ríogha.

3. Téid teine roimhe, agus loisgfe sí a naimhde fa ccuairt na thimchioll.

4. Do shoillsigh a thinteach an domhan: do chonnairc an talamh sin, agus do chriothnuigh sé.

5. Do bhádar na sléibhte ar leaghadh amhuil céir air aghaidh an TIGHEARNA, ar aghaidh THIGHEARNA na talmhan uile.

6. Foillsighid na flaithis a fhíréuntachd, agus do chíd na daóine uile a ghlóir.

7. Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.

8. Do chúaluidh Sion, agus do bhí lúathgháireach; do rinneadar inghiona Iúdah subhachus do bhrígh do bhreitheamhnuis, a THIGHEARNA.

9. Oír atá tusa, a THIGHEARNA, árd ós cionn na talmhan uile: atá tú ar hárdughadh go mór ós cionn na nuile dhée.

10. A dhream ler bionmhuin an TIGHEARNA, fúathuighesi an tolc: coimhéuduigh sé anmanna a náomh; sáoruidh sé íad as láimh an pheacaidh:

11. Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe:

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 97