6. Atá glóir agus dathamhlachd ós a choinne: atá neart agus scéimh iona shanctóir.
7. Tuguidh don TIGHEARNA, a chinéul na bpoibleach, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart.
8. Tugaidh don TIGHEARNA glóir dhá ainm: tugaidh ofráil, agus tagaidh a steach iona chúirtibh.
9. Adhraidh an TIGHEARNA a scéimh a náomhthachda: bíodh eagla oruibh roimhe, a thalamh uile.
10. Abraidhe a measg na ngeinteadh, Atá an TIGHEARNA a ríoghacht: daingneochar fós an domhan go nach ccorróchar é: do dhéana sé breitheamhnus air na poibleachaibh a bhfíréuntachd.
11. Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte.