3. Oír is Día mór an TIGHEARNA, agus Rígh mór ós cionn na nuile dhée.
4. Iona láimh atáid uile áite doimhne na talmhan: agus áirde na ccnoc iona chumhachtuibh.
5. Is leis an mhuir, agus é féin do rinne í, agus do chumadar a lámha an fearann tirim.
6. Tagaidh, déanam adhra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIGHEARNA ar ccruthuigheóir.
7. Oír is eision ar Ndía; agus sinne pobal a innbhir, agus caóirigh a lámh. A niugh má éistighe a ghuth,
8. Ná cruáidhighe bhur ccroidhe, mar san Meribah, amhuil is a ló Massah san bhfásach:
9. Mar ar chuireadar bhur naithre cathughadh orum, do dhearbhuigheadar mé, agus do chonncadar moibreacha.
10. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha:
11. Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas.