Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 95:2-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.

3. Oír is Día mór an TIGHEARNA, agus Rígh mór ós cionn na nuile dhée.

4. Iona láimh atáid uile áite doimhne na talmhan: agus áirde na ccnoc iona chumhachtuibh.

5. Is leis an mhuir, agus é féin do rinne í, agus do chumadar a lámha an fearann tirim.

6. Tagaidh, déanam adhra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIGHEARNA ar ccruthuigheóir.

7. Oír is eision ar Ndía; agus sinne pobal a innbhir, agus caóirigh a lámh. A niugh má éistighe a ghuth,

8. Ná cruáidhighe bhur ccroidhe, mar san Meribah, amhuil is a ló Massah san bhfásach:

9. Mar ar chuireadar bhur naithre cathughadh orum, do dhearbhuigheadar mé, agus do chonncadar moibreacha.

10. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha:

11. Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 95