Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 94:6-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Marbhuid síad an bhaintreabhach agus an duine coigriche, agus do níd feall air an ndílleachda.

7. Agus a deirid síad, Ní fhaicfe an TIGHEARNA sin, ní thuigfidh Día Iacob é.

8. Tuigidhe, a bhrúideamhla a measg na ndaóine: agus sibhsi dhaóine leamha, cá huáir bheithíse eagnuighe?

9. An té shuighios an chlúas, nach ccluinfe sé? an té chumas an tsúil, nach bhfáicfidh sé?

10. An té smachduighios na cineadhacha, nach ttiubhraidh sé achmhusan uádh? an té mhúinios éolus don duine, nach bía a fhios aige?

11. Is aithne don TIGHEARNA smuáintighe an duine, gur díomhaóineas íad.

12. Is beannuighe an duine, a THIGHEARNA, noch smachduighios tusa, agus mhúineas tú as do dhligheadh;

13. Do thabhairt súaimhnis dó a láethibh a nuilc, nó go ttochaltar poll don chiontach.

14. Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA a dhaóine féin úadh, agus ní thréigfidh sé a oighreachd.

15. Oír fillfidh breitheamhnus chum ceirt: agus leanfuid a nuile dhíreach a ccroidhe é.

16. Cía éireochus súas ar mo shonsa a naghaidh luchd déanta a nuilc? cía chuirfios é féin air mo shon a naghaidh luchta oibrighthe na héagcóra?

17. Acht muna bheith go raibh an TIGHEARNA na chungnamh agam, ní mór nach bíadh manam san nuáidh.

18. A nuáir a dubhras, Sciorruidh mo chos; do chonnaimh do thrócaire súas me, a THIGHEARNA.

19. A niomad mo smuáintighthe ionnam a stigh do thaitnighiodar do chomhfhurtachda rem anam.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 94