Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 94:3-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Cá fad do dhéanas an ciontach, a THIGHEARNA, cá fad do dhéanas an ciontach caithréim?

4. Cá fad bhiáidh síad ag lúadh agus ag labhairt neithe cruaidhe? cá fad bhiáid síad ag síorchaint an mhéid oibrighios éagceart?

5. Brúighid síad do dhaóine, a THIGHEARNA, agus buáidhrid síad hoighreachd.

6. Marbhuid síad an bhaintreabhach agus an duine coigriche, agus do níd feall air an ndílleachda.

7. Agus a deirid síad, Ní fhaicfe an TIGHEARNA sin, ní thuigfidh Día Iacob é.

8. Tuigidhe, a bhrúideamhla a measg na ndaóine: agus sibhsi dhaóine leamha, cá huáir bheithíse eagnuighe?

9. An té shuighios an chlúas, nach ccluinfe sé? an té chumas an tsúil, nach bhfáicfidh sé?

10. An té smachduighios na cineadhacha, nach ttiubhraidh sé achmhusan uádh? an té mhúinios éolus don duine, nach bía a fhios aige?

11. Is aithne don TIGHEARNA smuáintighe an duine, gur díomhaóineas íad.

12. Is beannuighe an duine, a THIGHEARNA, noch smachduighios tusa, agus mhúineas tú as do dhligheadh;

13. Do thabhairt súaimhnis dó a láethibh a nuilc, nó go ttochaltar poll don chiontach.

14. Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA a dhaóine féin úadh, agus ní thréigfidh sé a oighreachd.

15. Oír fillfidh breitheamhnus chum ceirt: agus leanfuid a nuile dhíreach a ccroidhe é.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 94