Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 91:5-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló;

6. On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.

7. Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.

8. A mháin lé do shúilibh do chífe tú agus do chífir luáidheacht na neimhdhíadhach.

9. Oír don TIGHEARNA mo dhaingionsa, don té is ro áirde, do rinne tú hionad comhnuidhe;

10. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun.

11. Oír cuirfe sé dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.

12. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich.

13. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.

14. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh go ráibh fios manma aige.

15. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.

16. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 91