Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 91:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An té áitighios a núaingnios an té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.

2. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion; mo Dhía, cuirfiod mo dhóthchus ann.

3. Go deimhin sáorfa sé thusa ó líon a nfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh.

4. Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhírinne.

5. Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló;

6. On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.

7. Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.

8. A mháin lé do shúilibh do chífe tú agus do chífir luáidheacht na neimhdhíadhach.

9. Oír don TIGHEARNA mo dhaingionsa, don té is ro áirde, do rinne tú hionad comhnuidhe;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 91