Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 90:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A THIGHEARNA, do bhí tú ad ionad chomhnuigh dhúinne ó ghinealach go ginealach.

2. Súil rugadh na sléibhthe, agus súil ar chum tusa an talamh agus an sáoghal, go deimhin ó shíorruigheacht go síorruigheacht, atá tú ad Dhía.

3. Impoigh tú an duine diómhaóin chum a mhillte; agus a deir tú, Filligh, a chlann Adhaimh.

4. Oír mhíle blíadhan tair éis dul thort atáid ad radharcsa mar an lá a né, agus mar á nfaire annsa noidhche.

5. Beiridh tú leachd íad amhuil re sruth; atáid mar bu na ccodladh: ar maidin atáid mar fhéur do chlodh.

6. Ar maidin bláithigh sé, agns claochloidh sé; trathnóna géarrthar síos é, agus críonuidh sé.

7. Oír meathamaoid ann thfeirg, agus atamaoid ar mbuáidhreadh ann do dhíbhfheirg.

8. Do chuir tú ar ccionta ós do choinne, ar bpeacuidhe fóluigheacha ós coinne sholus do ghnúise.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 90