Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 90:1-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A THIGHEARNA, do bhí tú ad ionad chomhnuigh dhúinne ó ghinealach go ginealach.

2. Súil rugadh na sléibhthe, agus súil ar chum tusa an talamh agus an sáoghal, go deimhin ó shíorruigheacht go síorruigheacht, atá tú ad Dhía.

3. Impoigh tú an duine diómhaóin chum a mhillte; agus a deir tú, Filligh, a chlann Adhaimh.

4. Oír mhíle blíadhan tair éis dul thort atáid ad radharcsa mar an lá a né, agus mar á nfaire annsa noidhche.

5. Beiridh tú leachd íad amhuil re sruth; atáid mar bu na ccodladh: ar maidin atáid mar fhéur do chlodh.

6. Ar maidin bláithigh sé, agns claochloidh sé; trathnóna géarrthar síos é, agus críonuidh sé.

7. Oír meathamaoid ann thfeirg, agus atamaoid ar mbuáidhreadh ann do dhíbhfheirg.

8. Do chuir tú ar ccionta ós do choinne, ar bpeacuidhe fóluigheacha ós coinne sholus do ghnúise.

9. Oír do chúadar ar láethe thoruinn ann do dhíbhfheirgsi: caithmíd ar mblíadhna mar sgéul.

10. Láethe ar mbliadhna is deich mbliadhna agus trí fithchid íad; agus má bhíd tre neart ceithre fithchid, is sáothar agus diomhaoineas a neart; oír géarrthar amach é go deithniosach, agus teithmíd romhuiun.

11. Cía dar baithne neart thfeirgesi? nó do dhíbhfheirge, do reír heagla.

12. Teagaisg dhúinn ar laéthe dáiríomh, iondus go ttugam chugainn croidhe eagnuighe.

13. Iompóigh, a THIGHEARNA, ca fad? agus bíodh aithreachus ort a ttáobh do sheirbhíseach.

14. Sásaidh sinn go moch red thrócaire; agus do dhéanam lúathgháire agus gáirdeachus air feadh ar sáoghail.

15. Tabhair fa deara dhúinn gáirdeachus do dhéanamh do réir na laetheadh ionar bhuaidhir tú sinn, agus na mblíadhan iona bhfacamar olc.

16. Taisbeanntar hobair dot sheirbhíseachaibh, agus do ghlóir da ccloinn.

17. Agus bíodh scéimh an TIGHEARNA ar Ndé oruinn; agus daingnidh oibreacha ar lámh oruinn; sáothair cheana ar lámh daingnídhsi sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 90