14. Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh.
15. Do sluigeadh síos na geinte annsa chlais noch do rinneadar: annsa líon noch do fholuigheadar do gabhadh a ccos féin.
16. Aitheantar an TIGHEARNA ris an mbreitheamhnus noch chuireann sé a bhféidhm: gabhthar an ciontach a nobair a lámh féin. Higgaion. Selah.
17. Cuirfighear na ciontaigh go hifrienn, agus a nuile chineadh noch dhearmadas Día.
18. Oír ni dearmadfuighear an teasbhadhach a ccomhnuigh: ní rachuidh dóthchus na mbochd a mugha go bráth.
19. Eírigh, ó a THIGHEARNA; na léig don duine búadhughadh: déantar breitheamhnus air na geintibh ad radharc.
20. Cuir eagla orra, ó a THIGHEARNA: chor go mbiáidh a fhios ag na cineadhachuibh nach bhfuil ionnta féin achd daóine.