1. Molfa me thú, a THIGHEARNA, re croidhe iomlán; foillseocha mé hoibreacha iongantacha uile.
2. Biaidh mé lúathgáireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
3. A núair fhillfighear mo naimhde ar a nais, tuitfid síad agus rachuid seachad ad fhiaghnuisi.
4. Oír do chothuighis mo cheart, agus mo chúis; do shuighis san nárdchathaoir ag breathnughadh ceirt.
5. Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach a nainm go sáoghal na sáoghal.
6. O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.