1. Molfa me thú, a THIGHEARNA, re croidhe iomlán; foillseocha mé hoibreacha iongantacha uile.
2. Biaidh mé lúathgáireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
3. A núair fhillfighear mo naimhde ar a nais, tuitfid síad agus rachuid seachad ad fhiaghnuisi.
4. Oír do chothuighis mo cheart, agus mo chúis; do shuighis san nárdchathaoir ag breathnughadh ceirt.
5. Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach a nainm go sáoghal na sáoghal.
6. O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.
7. Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis.
8. Agus do dhéana sé breitheamhnus air an sáoghal a bhfiréantachd, do dhéana sé breitheamhnus don phobal a bhfírinne.
9. Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
10. Agus an mhuinntir agá bhfuil fíos hanma cuirfid a ndóigh ionnud: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
11. Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.
12. A nuáir do ní sé cúartughadh air fhiul, cuimhnighidh sé orra: ní dhearmadann sé éighiomh na númhal.