Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 89:38-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Ach do thréigis, agus do dhiúlt tú, do bhí tú ro fheargach red ungthach.

39. Do bhris tú cunnradh do sherbhísigh: do thruáilligh tú a choróin, da teilgion chum na talmhan.

40. Do bhris tú fós a fhálta uile; agus do theilghis síos a dhaingne.

41. Gach a ngabhann an tslighe creachaid é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.

42. Dárduigh tú lámh dheas a námhad; do gháirdigh tú a naimhde uile.

43. Do iompoighis fós fáobhar a chloidhimh tar ais, agus ní thugáis air seasamh annsa chath.

44. Thugais air a dhéalradh cosg, agus do theilg tú a chathaóir ríogha go talamh.

45. Do ghearraidh tú laéthe a óige: dfoluigh tú é le náire. Selah.

46. Cá fad, fhoileochus tú thú féin a THIGHEARNA? an go bráth? an loisgfidh thfearg mar théine?

47. Cuimhnigh cred fad mo ré: cred far chruithighis a ndíomháoineas síol Adhaimh uile?

48. Cía hé an duine mhairios, agus nach bhfaicfé an bás? an saorfa sé a anam ó láimh na huáighe? Selah.

49. Cáit a bhfuilíd do thrócairidhe roimheso, a THIGHEARNA, noch do mhionnuighis do Dháibhi ann thfírinne?

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 89