38. Ach do thréigis, agus do dhiúlt tú, do bhí tú ro fheargach red ungthach.
39. Do bhris tú cunnradh do sherbhísigh: do thruáilligh tú a choróin, da teilgion chum na talmhan.
40. Do bhris tú fós a fhálta uile; agus do theilghis síos a dhaingne.
41. Gach a ngabhann an tslighe creachaid é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.
42. Dárduigh tú lámh dheas a námhad; do gháirdigh tú a naimhde uile.
43. Do iompoighis fós fáobhar a chloidhimh tar ais, agus ní thugáis air seasamh annsa chath.