Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 89:30-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Má thréigid a mhic mo dhligheadh, agus nach siubhóluid ann mo bhreitheamhnus;

31. Má thruáillid mo reachda, agus nach ccoimhéaduid maitheanta;

32. Tiucfadsa annsin dféuchuin a sáruighthe ris an tslait, agus a ccorbadh le buillighibh.

33. Thairis sin ní bheanfa mé mo thrócaire thrid amach dheision, agus ní dhéanad bréug a naghaidh mfírinne.

34. Ní thruáillfiod mo chunnradh, agus ní áithreochad an ní do chuáidh amach as mo bhéul.

35. Thugas mo mhionna áonuair dar mo náomhthacht nach déanuinn bréug re Dáibhi.

36. Biáidh a shliochd go bráth, agus a chathaóir ríoghdha mar an ghrian ós mo choinne.

37. Biáidh sé ar na dhaingniughadh go bráth mar an ngealuidh, agus mar fhiaghnuise fhirinnigh annsa naíeir. Selah.

38. Ach do thréigis, agus do dhiúlt tú, do bhí tú ro fheargach red ungthach.

39. Do bhris tú cunnradh do sherbhísigh: do thruáilligh tú a choróin, da teilgion chum na talmhan.

40. Do bhris tú fós a fhálta uile; agus do theilghis síos a dhaingne.

41. Gach a ngabhann an tslighe creachaid é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 89