Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 89:20-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Fuáir mé Dáibhi mo sherbhíseach; rem ola náomhtha dunguidh mé é:

21. Le a mbiaidh mo lámh go diongmhalta: neartochaidh fós mo rígh é.

22. Ní dhéana an námhaid foiréigin air; ná mac an chorbaidh a bhuáidhreadh.

23. Agus claóidhfiod a eascáirde da lathair féin, agus cráidhfiod an lucht agá bhfuil fúaith air.

24. Acht béid mfírinne agus mo thrócaire leision: agus áirdeochthar a adharc ann mainm.

25. Cuirfiod a lámh mar an ccéadna annsa mhuir, agus a lámh dheas annsna haibhnibh.

26. Goirfidh sé chugamsa, A athair, is tusa mo Dhía, agus carraic mo shlánaighthe.

27. Mar an gcéadna do dhéana mé eision na chéidghin, niós áirde ná ríghthe na talmhan.

28. Go bráth coinneochad mo thrócaire dhósan, agus biáidh mo chunnradh firinneach dhó.

29. Agus suigheochad a shíol go bráth, agus a chathaóir ríogha mar láethe fhlaitheamhnuis,

30. Má thréigid a mhic mo dhligheadh, agus nach siubhóluid ann mo bhreitheamhnus;

31. Má thruáillid mo reachda, agus nach ccoimhéaduid maitheanta;

32. Tiucfadsa annsin dféuchuin a sáruighthe ris an tslait, agus a ccorbadh le buillighibh.

33. Thairis sin ní bheanfa mé mo thrócaire thrid amach dheision, agus ní dhéanad bréug a naghaidh mfírinne.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 89