Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 89:2-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Oír a dubhairt mé, Cuirfighear trócaire súas go bráth: daingneochaidh tú thfírinne fós annsna flaithis.

3. Do rinneas connradh rem dhaóinibh toghtha, thugas mionna dom sheirbhíseach Dáibhi,

4. Daingneochad go bráth do shliochd, agus suidheochad do chathaóir ríogha ó ghinealach go ginealach. Selah.

5. Agus molfaid na flaitheamhnuis hoibreacha iongantacha, a THIGHEARNA: thfírinne fós a ccoimhthionól na náomh.

6. Oír cía annsa spéir is féidir do chomóradh ris an TTIGHEARNA? cía is cosmhuil ris an TTIGHEARNA a measc chloinne na neartmhar?

7. Is cóir eagla do bheith roimhe Dhía a ccoimhthionól a naomh go romhór, agus modh do thabhairt dó ós cionn a bhfuil na thimchioll,

8. A THIGHEARNA a Dhé na slógh, cía atá cosmhuil riot TIGHEARNA ro chumhachdach? agus atá thfírinne ad thimchioll fa gcuáirt?

9. Riaghluidhe tú úabhar na mara: an tan bhíd a tonna ar dtógbháil súas, suáimhnighan tú íad.

10. Do bhris tú Rahab a mblodhibh amhuil duine ar na sháthadh thríd; lé láimh do neirt do spréidh tú do naimhde.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 89