19. Annsin do labhair tú a ttaidhbhsi red naomhuibh, agus dubhairt tú, Do chuir mé furtachd ar dhuine chumhachtach; dárduigh mé neach toghtha as an bpobal.
20. Fuáir mé Dáibhi mo sherbhíseach; rem ola náomhtha dunguidh mé é:
21. Le a mbiaidh mo lámh go diongmhalta: neartochaidh fós mo rígh é.
22. Ní dhéana an námhaid foiréigin air; ná mac an chorbaidh a bhuáidhreadh.
23. Agus claóidhfiod a eascáirde da lathair féin, agus cráidhfiod an lucht agá bhfuil fúaith air.
24. Acht béid mfírinne agus mo thrócaire leision: agus áirdeochthar a adharc ann mainm.
25. Cuirfiod a lámh mar an ccéadna annsa mhuir, agus a lámh dheas annsna haibhnibh.
26. Goirfidh sé chugamsa, A athair, is tusa mo Dhía, agus carraic mo shlánaighthe.
27. Mar an gcéadna do dhéana mé eision na chéidghin, niós áirde ná ríghthe na talmhan.