12. Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.
13. Atá rígh neartmhar agad: is láidir do lámh, agus is árd do dheaslámh.
14. Ceart agus breitheamhnus is suigheadh dot chathaóir ríogha: rachaidh trócaire agus fírinne ós coinne haighthe.
15. Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise.
16. Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad.
17. Oír is tusa glóir a neirt: agus ann thfadhbhar áirdeochthar ar nadharc.